Ilteangachas i bParlaimint na hEorpa agus na deiseanna fostaíochta atá ann do theangeolaithe

Tá Parlaimint na hEorpa ag eagrú ócáide i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, an 13 Aibreán maidir leis an ilteangachas i bParlaimint na hEorpa agus na deiseanna fostaíochta atá ann do theangeolaithe.

 

Beidh comhrá comhstádais ar bun ó 10.30-12.30 agus Síle Seoige ina cathaoirleach, agus seisiún inar féidir bualadh isteach agus labhairt le hionadaithe ó na seirbhísí teanga ó 14.30 go 17.00. Is iontach an deis é seo do scoláirí, céimithe nó aon duine a bhfuil suim acu sna deiseanna fostaíochta atá ar fáil san Aontas Eorpach breis eolais a fháil ó na daoine atá ag obair ann faoi láthair.

 

Is féidir clárú anseo: https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSeHXJsC6zzFJBIeVZtYy1UgAxSc0u8vBksoGsciiPJB6SnCLg/viewform